Ainm: | Mary Dhónaill Uí Chanainn | |
Áit Chónaithe: | Machaire Rabhartaigh |
Áit Dúchais: | Machaire Rabhartaigh |
Catagóir: | Stairsheanchas |
Fochatagóir: | Díshealbhuithe Áitiúla |
Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Bhí píosa maith talaimh i mBaile Chonaill ar leis an Olphartach é. Díshealbhú i mBaile Chonaill agus i Machaire Uí Rabhartaigh. Scéal Mary Thomas (Mary Robinson a bhí uirthi). Bhí asal agus gabhar sa teach cheann tuí a bhí aici. Bhíodh sí ar shiúl fríd an tír le bascaed ag díol earraí bheaga. Tamall sular bhfuair sí bás bhí sí ag rá go raibh aingil agus daoine a bhí marbh ag tabhairt cuairte uirthi. | 00:06:05 | |